Tá fiosrúchán ar bun ag an gCoimisiún Eorpach faoi árachas gluaisteán sa tír seo agus líomhaintí ann go bhfuil bac á chur ar chomhlachtaí nua atá ag iarraidh tabhairt faoi árachas a chur fáil anseo.

Ghlac an Coimisiún Eorpach seilbh ar cháipéisí ó Insurance Ireland san Ionad Idirnáisiúnta Seirbhísí Airgeadais i mBaile Átha Cliath anuraidh agus táthar á n-iniúchadh ó shin.

Deir Insurance Ireland go bhfuil siad ag cloí go huile agus go hiomlán leis na dlíthe iomaíochta.