Léiríonn figiúirí nua atá foilsithe nach bhfuil ach thart ar 7% de laghdú tagtha ar an méid dramhaíola atá á heasportáil ag an tír seo ó d'oscail loiscneoir an Phoill Bhig i mBaile Átha Cliath, mar a ndóitear 600,000 tonna bruscair gach bliain.

Dúirt saineolaithe go bhfuil an méid dramhaíola a bheas á heasportáil ard ar feadh tamaill eile mar gheall nach bhfuil dóthain loiscneoirí sa tír.

Táthar ag fanacht le cinneadh fós faoin iarratas atá déanta ag an gcomhlacht Indaver le loiscneoir a thógáil i gCorcaigh.