I gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath inniu, osclaíodh ceann de na taispeántais is suntasaí riamh de chuid de na lámhscríbhínní Gaeilge is tábhachtaí dá bhfuil againn ó ré na meánaoise agus ó thús na nua-aoise.

I Leabharlann Choláiste na Tríonóide atá an bailiúchán á choimeád. Os cionn 200 lámhscríbhinn Gaeilge a scríobhadh idir an 9ú haois agus an 16ú haois atá i gceist. 

Tá digitiú á dhéanamh de réir a chéile ar na lámhscríbhinní agus tá cuid acu le feiceáil anois ar líne.* 

Tá níos mó ná míle bliain de litríocht agus de léann na hÉireann i dtéacsanna na lámhscríbhinní seo a thugann léargas dúinn ar shochaí na hÉireann ag an am, ar an gcaidreamh a bhí idir ár sinsir, ar na scéalta agus na miotais a bhí acu fúthu féin agus ar an tuiscint a bhí acu orthu féin i gcomhthéacs domhanda.  

Tá téacsanna ón bhFéineachas ina gcuirtear síos ar dhlíthe beachaireachta agus ar chúrsaí pósta ina measc. 

Tugtar cuntas sna lámhscríbhinní chomh maith ar rialú shochaí na hÉireann, ar an gcaidreamh a bhí idir an eaglais agus an stát, ar scéalta móra na Gaeilge, ábhar ginealais agus ábhar faoi bheathaí na naomh.

Seanchas Búrcach, 1578

Tá cur síos i gcuid acu freisin ar an tuiscint a bhí ann ar chúrsaí leighis, ar sheanchas logainmneacha, ar an léann a ghabh le cúrsaí meadarachta agus gramadaí, chomh maith leis na hannála ina mbreactaí tuairisc de réir na mblianta ar imeachtaí móra a thit amach. 

Tá Leabhar Gabhála Éireann, Leabhar Ard Mhacha agus Leabhar Laighean i measc na lámhscríbhinní atá le feiceáil ag an taispeántas.

I Leabhar Gabhála Éireann, deimhnítear áit na hÉireann, na nGael agus theanga na nGael de réir an leagain amach atá ar shaol an Bhíobla. I Leabhar Laighean, tá leagan tábháchtach den laochscéal Rúraíochta Táin Bó Cúailnge. 

Leabhar Buí Leacáin, c. 1400

Deir an tOllamh Damian McManus, ceann Roinn na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, nach féidir áibhéil a dhéanamh ar thábhacht an bhailiúcháin seo agus gur túsphointe é don "iliomad réimse taighde i gcúrsaí staire, litríochta, leighis, dlí agus naomhsheanchais, gan trácht ar shaoithiúlacht na nGael, na Lochlannach, na nAngla-Normannach agus na Sasanach de réir mar a chuireadar fúthu in Éirinn." 

Níl ach cuid de na lámhscríbhínní le feiceáil sa taispeántas go fóill ach beifear ag cur leis as seo go deireadh an Mheithimh, tráth a gcuirfear gcríoch leis. I Seomra Fada Leabharlann Choláiste na Tríonóide atá sé ar siúl. 

* Is fearr an taispeántas a cheadú go digiteach ar ríomhaire seachas ar ghléas móibíleach