I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe, gearradh 240 uair an chloig d’obair sa phobal ar iománaí ar fhoireann sinsir na Gaillimhe a ghoid beagnach €70,000 ón gcomhlacht a raibh sé ag obair dó. 

Gearradh an t-uasmhéid uaireanta seirbhíse ar Davy Glennon in áit dhá bhliain príosúnachta.

Phléadáil Davy Glennon, 27 bliain d'aois as Gort Uí Mhadaín, Baile Locha Riach, ciontach anuraidh i seacht gcúis shamplacha a bhain le tuairim is €40,000 a ghoid óna iar-fhostóir J&C Kenny, dáilitheoirí fíona, i nGaillimh idir Samhain 2014 agus mí Iúil 2015.

D’admhaigh sé na fíricí maidir le sé chúis déag eile chomh maith ar bhain luach €30,000 leo.

Dúradh sa chúirt ar maidin gur íoc duine éigin, nó "deontóir" mar a tugadh air, €65,000 thar cheann Davy Glennon le J&C Kenny agus gur íocadh €5,000 le daoine eile a bhí thíos leis de bharr na gadaíochta freisin.

Dúirt an Breitheamh Rory McCabe gur léigh sé sa tuairisc phromhaidh go raibh socrú idir Davy Glennon agus an "deontóir" maidir leis an airgead.

Dúirt an breitheamh gur chuir sé san áireamh gur ghabh Davy Glennon a leithscéal agus gur léirigh an tuairisc phromhaidh gur beag seans go ndéanfadh sé cion arís.

Mhaígh an Breitheamh McCabe freisin go raibh amhras air go n-íocfadh an t-iománaí an €65,000 ar ais leis an "deontóir" dá gcuirfeadh sé chun an phríosúin é.