Tá os cionn 36,000 duine sa tír seo ag fanacht le teiripe urlabhra agus teanga ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, de réir figiúirí atá faighte ag an gclár cúrsaí reatha 7Lá.

Tá páistí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga ina measc dar ndóigh, agus tá feachtas ar bun le go gcuirfí an tseirbhís sin ar fáil do leanaí i nGaelscoileanna agus sa Ghaeltacht a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Ar 7Lá aréir, dúirt an Dr Ciara O'Toole - leachtóir i dteiripe urlabhra agus teanga i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh - gur féidir le páistí mar seo a bheith dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla ach an tacaíocht chuí a bheith acu. 

Léirítear sa taighde faoin ábhar, a dúirt sí, go gcaithfear an tacaíocht sin a chur ar fáil chomh luath agus a thugtar an deacracht le hurlabhairt an pháiste faoi deara - agus é a chur ar fáil go leanúnach freisin. 

Mhaígh Anna Ní Chartúir, uachtarán na heagraíochta Gaeloideachas, go bhfuil an easpa seirbhíse i nGaeilge ag teacht salach ar an bpolasaí atá i bplean teanga Fheidhmeannacht Seirbhíse Sláinte. Sa phlean sin, a dúirt sí, tugtar le fios nár chóir go mbeadh ar pháistí teiripe urlabhra a fháil in aon teanga seachas a dteanga dhúchais.

Bhí tuismitheoir Gaeltachta a thugann a mhac chuig teiripeoir urlabhra i nGaillimh ar an gclár aréir. De bharr nach bhfuil an tseirbhís ar fáil i nGaeilge, áfach, is Béarla a labhraíonn sé anois sa bhaile leis, a dúirt sé.