Dúirt Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána Michael O'Sullivan, atá i gceannas ar shlándáil fáisnéise, go bhfuil roinnt bheag daoine sa tír seo a bhfuil luí acu le sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta agus go bhfuil súil ghéar á coinneáil orthu.

Ag comhdháil Interpol i mBaile Átha Cliath inniu, dúirt sé gurb é an fhadhb is mó a bheas sa tír seo ná teaghlaigh agus páistí a thagann as áiteanna a bhfuil cogadh iontu agus atá trína chéile mar gheall ar an méid atá feicthe acu.

Deirtear go ndeachaigh thart ar 30 duine as an tír seo go dtí an Iaráic agus go dtí an tSiria le dul ag troid don Stát Ioslamach ach go bhfuil roinnt acu maraithe, go bhfuil roinnt ar iarraidh agus go ndeachaigh roinnt eile go dtí tíortha eile a bhfuil cogaíocht iontu.

Dúirt Ardrúnaí Interpol Jürgen Stock ag an gcomhdháil go bhfuil an bhagairt ón sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta níos casta anois ná bhí riamh.