Tá leithscéal gafa ag príomhstiúrthóir gníomhach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte John Connaghan faoin mearbhall agus faoin scéin atá i ndaoine de bharr na conspóide i leith na scagthástálacha ailse cheirbheacs. 

Baineann an chonspóid le torthaí míchearta ailse a tugadh do mhná sa tír seo agus ar coinníodh eolas uathu. 

Ag labhairt dó le Coiste Sláinte an Oireachtais, dúirt John Connaghan go bhfuil an scéal seo ag goilliúnt ar gach bean in Éirinn, ar a dteaghlaigh, ar a bpáirtithe agus ar a gcuid páistí.