Tá corp fir a thit le fána ar Chorrán Tuathail, Co Chiarraí, inné aimsithe ag lucht tarrthála. Tuigtear gur turasóir ó Cheanada a bhí san fhear. 

Bhí an fear ag siúl an tsléibhe in éineacht lena pháirtí tráthnóna inné nuair a thit sé tuairim is céad méadar le fána. Is í a chuir fios ar na seirbhísí éigeandála. Meastar gur amach sna fichidí nó sna tríochaidí a bhí an fear. 

D'aimsigh Grúpa Tarrthála Sléibhe Chiarraí corp an fhir ag thart ar 9 a chlog agus tugadh anuas ón sliabh é ag 1 a chlog ar maidin. 

Tá Corrán Tuathail ar an sliabh is airde in Éirinn.