Tá an drámadóir cáiliúil Tom Murphy tar éis bháis. 83 bliain d'aois a bhí sé. Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur caillteanas mór a bhás d'aos drámaíochta na hÉireann. 

I dTuaim, Co na Gaillimhe, a rugadh Tom Murphy.  Bhí deichnúir sa chlann agus chuaigh an chuid is mó acu ar imirce. Go deimhin, bhí an bád bán as an tír seo ar cheann de na príomh-théamaí a bhí aige nuair a thosaigh sé ag scríobh. 

Ba é A Whistle in the Dark an chéad mhórdhráma a scríobh sé. Chuir Amharchlann na Mainstreach cosc air ar dtús ach cuireadh ar an stáitse é i Londain sa bhliain 1961. 

D'imigh sé go Londain ansin é féin, áit ar thug sé faoin scríbhneoireacht ar bhonn lán-aimseartha. 

Nuair a d'fhill Tom Murphy ar Éirinn, bhunaigh sé caidreamh fadtéarmach le hAmharclann an Druid i nGaillimh. Ba é an compántas sin a léirigh drámaí dá chuid fearacht Conversations on a Homecoming agus Bailegangaire. 

Maireann a bhean chéile Jane agus a chlann.