Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur chuir an líon daoine a maraíodh agus a gortaíodh in ionsaithe fhórsaí Iosrael ar Phailistínigh inné, an-uafás go deo ar an Rialtas.

Dúirt sé gur chuir an Tánaiste Simon Coveney fios ar amasadóir Iosraeil chuig Teach Uíbh Eachach ar maidin leis an bhfearg agus an díomhá atá ar Rialtas agus ag mhuintir na hÉireann leis na heachtraí seo, a chur in iúl dó.

D'iarr Simon Coveney do díreach, a dúirt an Taoiseach, go mbeadh imscrúdú neamhspleách idirnáisiúnta faoinar tharla, mar atá iarrtha freisin ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Dúirt Leo Varadkar go bhfuil gach tír i dteideal a chuid teorainneacha a chosaint, ach caitfidh an fórsa a úsáidtear chuige seo bheith i gcomhréir leis an mbagairt atá go fírinneach ann. Dúirt sé gur féidir nach raibh na hagóidithe seo '100% síochánta'  ach nach léir gur údair iad leis an méid sin foréigin a úsáid agus an oireadh sin daoine a mharú.

Dúirt an Taoiseach nár chear armlón beo a úsáid chun sluaite daoine a smachtú, agus go dtacaíonn an Rialtas le hiarratas Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar imscrúdú neamhspleách.