Tá moill curtha ag an drochaimsir le déanaí ar oscailt Sceilg Mhichíl do chuairteoirí.

Inniu an dáta a bhí leagtha ar an ionad bheith á oscailt do chuairteoir do shéasúr 2018. Dhearbhaigh Oifig na nOibreacha Poiblí do Nuacht an Deiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil súil acu dáta eile a dhearbhú roimh dheireadh na seachtaine seo.

Deir an OPW nach raibh foireann na Oifige in ann dul chomh fada leis an Sceilg go dtí coicís ó shin de bharr drochaimsire, leis na cosáin a scrúdú ansiúd.

Ní féídir an Sceilg a oscailt go dtí go mbíonn scrúdú déanta ar na cosáin gach Earrach féachaint an ndearna dochar dóibh i rith an gheimhridh, agus aon obair chóirithe a dhéanamh orthu lena dhéanamh sábháilte arís.