Tá an tAire Stáit Sean Kyne le n-iarraidh ar Phríomh-Aoire an Rialtais an tAire Stáit Joe Mc Hugh, casadh le toscaireacht as Oileáin Árann chomh luath agus is féidir leis an tseirbhís aeir do na hoileáín a phlé leis.


Dúradh leis an Aire Stáit Kyne nuair a bhí sé in Árainn inné,  go bhfuil an-imní ar mhuintir na n-oileán faoin tseirbhís.


Tá an tAire Stáit Kyne  ag iarraidh soiléiriú freisin ó Oifig na nOibreacha Poiblí agus ó Chomhairle Contae na Gaillimhe faoi na pleananna atá acu le áit cheart pháirceála a dhéanamh san áit a mbíonn Jarvies agus rothair fágtha ag Dún Aengusa in Inis Mór.


Tá imní ar mhuintir an oileáin nach bpléifear na pleananna atá ann don áit seo, leis na daoine a bhíonn á úsáid.