Buailfidh Uachtarán na hÉireann le hEmma Mhic Mhathúna i gCorca Dhuibhne amárach. 

Cruinniú príobháideach idir an bheirt a bheidh ann, agus eagraíodh an cruinniú i nidiaidh d'Emma iarraidh ar Mhichael D. Higgins bualadh léi, an tseachtain seo caite.

Dúirt an tUachtarán an lá céanna a d'iarr Emma an cruinniú air, go mbuailfeadh sé lei. Bhí sé i bhFlorence na hIodáile ag an am.

Idir an dá linn, beidh searmanas  speisialta ar thrá Bhaile na nGall, ar leathuair tar éis a seacht tráthóna inniu, mar chomhartha  tacaíochta ó mhuintir an bhaile d'Emma Mhic Mhathúna, agus don  mbreis agus 209 bean eile ar fud na tíre, a fuair torthaí neamhchearta ar thástálacha a bhi acu ar mhuineál na broinne.


Lasfaidh Emma tine ar an trá mar shiombal ar thús bheith á chur le ré nua i gcursaí cúram leighis in Éirinn.

Tá Emma  37 mbliana agus tá cúigear clainne uirthi. Dúirt dochtúirí leí an tseachtain seo caite gur ailse doleigheasta atá anois uirthi.