"Tá an ghráin agam ar an duine atá ionam anois.. táim ag streachailt dul i ngleic leis an saol," sin a dúirt bean óg 23 bliain d’aois ar éignigh iar-aisteoir Ros na Rún, Garrett Phillips í. 

Gearrfar pianbhreith ar Garrett Phillips, iar-aisteoir Ros na Rún agus West End Londain as éigniú béil a dhéanamh ar bhean óg i nGaillimh i 2015 tar éis dí titim ina codladh ina veain. 

Ciontaíodh Garrett Phillips an mhí seo caite ach ní raibh cead ag na meáin a thuairisciú go dtí inniu.

Dúradh le linn na trialach gur fhág an bhean óg a bhí scór bliain d’aois ag an am - club óiche i nGaillimh - tar éis a haon a clog ar maidin – an chúigiú lá de mhí na Samhna 2015.

Bhí sí ina suí ina haonair ‘s í trína chéile ar bhinse nuair a casadh Garrett Phillips uirthi. D’ofrail seisean síob abhaile dí agus d’iarr sé uirthi ar mhian léí radharc ar shoilse na cathrach a fheiceáil.

Dúirt sí le Gardaí gur thit sí ina codladh sa veain. Nuair a dhúisigh sí, bhí éigniú béil a dhéanamh ag Garrett Phillips uirthi sa veain.

D’éirigh sí ón veain. Rinne sí cuimhne ar an phláta clárúcháin. Rith sí go teach in aice láimhe ‘s í trína chéile, áit ar cuireadh fios ar Ghardaí.

Mháigh Garrett Phillips go raibh toil an dá thaobh ann agus phleadáil sé neamhchiontach. Fuair giúire Garrett Phillips a bhfuil cónaí air in Ardán Mhuire ar an Bhóthar Ard i nGaillimh ciontach as éigniú béil a dhéanamh ar an bhean an mhí seo caite.

Barry White, Abhcóide Garrett Phillips


 Dúirt abhcóide Garrett Phillips, Barry White inniu go bhfuil Garrett Phillips pósta le beirt clainne agus nár inis sé dá bhean chéile faoin triail féin go dtí’n lá roimh na trialach agus go raibh deacrachtaí aige cur ina luí ar Phillips chomh tromchúiseach agus a bhí an cás.

Dúirt an t-abhcóide go raibh treoir faigthe aige ó Phillips leithscéal ó chroí a ghabháil faoina chuid iompair.

Ina ráiteas tionchair íospartaigh dúirt an bhean óg go raibh ag éirí go han-mhaith léi ina saol spóirt agus ina saol acadúil sular eigníodh í ach gur mhothaigh sí gur cuireadh an locht uirthi sin le linn na trialach.

Dúirt sí go bhfuil sí ag streachailt leis an saol ónar éigníodh í; go mbíonn sí thíos le himní, go bhfuil an galar dubhach uirthi agus go mbíonn sí neamhchinnte faoina beatha féin.

Rinne dlíadóirí Garrett Philips iarratas go gcuirfí fad le hordú na cúirte – nár cheart go n-ainmneofaí é ach níor gladcadh leis. Cuireadh éisteacht na pianbhreithe siar go dtí an 9ú Iúil, tráth go mbeidh tuarascáil promhaidh réitithe. Cuireadh Garrett Phillips siar faoi choiméad agus é cláraithe mar chiontóir gnéis. 

Beidh tuairisc ag Shane Ó Curraighín ar Nuacht TG4 ag 7