Tá sé tugtha le fios ag oifigigh de chuid na Pailistíne go bhfuil 52 duine marbh de bharr a gcaite ag fórsaí Iosrael ar an teorainn idir Iosrael agus Gaza.

Tá suas le 1,800 duine eile gortaithe. D'fhógair an áisíneacht fóirthinte, Medecins Sans Frontiers, go bhfuil breis agus 900 íospartach le gortaithe lámhaigh tugtha chuig ospidéil an cheantair.

Thosaigh an scliúchas ó d'oscail Stáit Aontaithe Mheirceá a n-ambasáid d'Iosrael i Iarúsaléim. 

Tá an ambasáid á hoscailt go hoifgiúil inniu agus tá ard-oifigigh as Meirceá agus iníon Uachtarán Mheirceá Donald Trump agus a fear céile i measc na ndaoine atá ag freastal ar an searmanas oscailte.

I dteachtaireacht a chuir Uachtarán Mheirceá, Donald Trump ar nasc físe dúirt sé go raibh an t-athrú seo beartaithe le fada.

Tá cinneadh na Stait Aontaithe an t-ambasáid a bhogadh tar éis olc a chur ar mhuintir na Pailistíne, a dúirt go neartóidh siad na h-agóidí atá ar bun inniu i nGaza.

Tá sé tugtha le fios ag an tAontas Eorpach, go bhfuil siad féin glan in aghaidh an chinneadh a glacadh.