Ag searmanas cathartha i gCathair na Gaillimhe inniu, bronnadh saoirse na cathrach ar Mhéara Bhoston Marty Walsh.
Dúirt Méara na Gaillimhe Pearce Flannery gur léirigh Marty Walsh ar as Carna agus Ros Muc dá thuismitheoiri, ceannaireacht agus daonnacht nuair a d'fhógair sé go mbeadh Bhoston ina áit shábháilte ag imircigh mídhleathacha atá ag maireachtáil faoi eagla faoi réimeas nua slándála an Uachtaráin Trump.
Tá Marty Walsh i measc John F Kennedy, Nelson Mandela agus John Hume ar bronnadh saoirse na cathrach orthu.
Shocraigh Comhairle Chathair na Gaillimhe sé mhí ó shin an gradam is airde a bhronnadh ar Mhéara Bhoston. Inniu ag searmanas cathartha ag a raibh comhairleoirí na cathrach, ionaithe poiblí agus slua mór dá ghaolta agus dá chairde as Conamara agus Bostún, bronnadh Saoirse na Cathrach ar Marty Walsh.
Tá an méara Daonlathach, 51 bliain d'aois, ar as Ros Muc agus Carna i gCo. na Gaillimhe dá thuismitheoirí ina dhara téarma oifige anois.
Tá tuairimíocht láidir ann go bhfuil a shúil ag Marty Walsh ar thoghchán na hUachtarántachta amach anseo ach dúirt a uncail agus duine dá chomhairleoirí feachtais Peter O'Malley cé gur fíor go bhfuil suim aige in oifig níos sinsearaí go bhfuil sé ró-luath faoi láthair cinneadh a dhéanamh.
"Feicfidh sé faoi cheann trí bliana eile nuair a bheas an téarma seo caite aige," a dúirt OMalley