B'i nDún na nGall a bhí an t-ardú ba lú sa tír ar rátaí cíosa le bliain, de réir daft.ie. Ardú 0.3% a bhí i gceist. 

Tá rátaí cíosa trí chéile i nDún na nGall go fóill i bhfad níos saoire ná sa chuid eile den tír, de réir na bhfigiúirí. €594 sa mhí is ea an meánráta cíosa sa chontae faoi láthair - sin an dara ráta is ísle sa tír.

Tháinig laghdú 3.8% le bliain ar rátaí cíosa do thithe cúig sheomra codlata i nDún an nGall go €633 sa mhí.

Ardú 0.8% a bhí le bliain ar an gcíos do theach dhá sheomra codlata go €550 sa mhí.

Laghdú 0.7% go €577 a bhí i gceist do theach trí sheomra codlata.