Tá na Gardaí in iarthar Chorcaí ag fiosrú eachtra ina sádh fear sa drom i gCloich na Coillte timpeall a 1.30 ar maidin inniu.

Tharla an t-eachtra ar Chorrán Tomhnaigh ar an mbaile nuair a ceaptar gur ionsaigh grúpa d'fhearaibh óga an fear dhá bhlian is daichead agus sádh é sa scliúchas a tharla.

Tugadh in otharrcharr go dtí Ospidéal na hOllscoile Corcaigh é, mar a bhfuil bail chompórdach air. Tá na Gardaí ag leanúint lena gcuir fiosraithe.