Bhí Darron Gibson, imreoir sacair le foireann na hÉireann agus Sunderland, trí huaire thar uastheorainn alcóil do thiománaithe nuair a bhuail a jíp den déanamh Mercedes faoi ghluaisteáin a bhí páirceáilte ar Lá 'le Pádraig. 

D'admhaigh an t-imreoir, 30 bliain d'aois an choir tiomána faoi thionchar an óil i gCúirt South Tyneside ar maidin. 

Bhris jíp le Gibson scáthan anuas de thacsaí in West Bolton sular lean sé ar aghaidh ag bualadh faoi ghluaisteáin eile ar bhóthar Dovedale, Fulwell, Sunderland agus é ag iarraidh a shlí a dhéanamh go páirceanna traenála Sunderland FC. 

Dúirt Rebecca Laverick don ionchúiseamh gur léirigh an tástáil anála a thug Gibson ar thaobh an bhóthair, go raibh 105 mícreagram alcóil ina anáil. 35 mícreagram is ea an t-uasteorainn. 

Dúirt Laverick gur ciontaíodh Gibson i dtiomáint faoi thionchar óil cheana sa bhliain 2015.