Léiríonn figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo nach bhfuil ach 10% de taxis i nDún na nGall atá áisiúil do dhaoine i gcathaoir rotha.

Tá 357 tacsaí, hackney agus limisín cláraithe i nDún na nGall i láthair na  huaire. De réir an tÚdarás Náisiúnta Iompair tá 145 tacsaí, 142 hackney agus 36 limisín cláraithe i nDún na nGall.

Níl ach 17 tacsaí agus 16 hackney sa chontae atá áisiúil do dhaoine i gcathaoir rotha.

Tá gearáin le tamall ag lucht tacsaí i Leitir Ceanainn faoin mhéadú mór ar chostais lena ngnó a reáchtáil agus bagairt déanta acu go gcaithfear deireadh a chur roimh i bhfad leis an táille €5 do sheirbhís tacsaí sa bhaile.

Deir siad go bhfuil costas de €10,000 le tacsaí a choinneáil ar an bhealach sa bhliain agus gur deacair é sin a dhéanamh i Leitir Ceanainn agus gan ach táille €5 a bhaint dá gcustaiméirí.