Tá éileamh déanta ag Comharchumann Rath Cairn i gCo na Mí ar Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh, ar Roinn na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta gníomh a dhéanamh - le dul i ngleic leis an líon tithe atá ag fáil cead pleanála i nGaeltacht na Mí, gan dearbhú dá laghad go bhfuil Gaeilge acu siúd a bhfuil an t-iarratas pleanála déanta acu.

Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta duirt Éanna Ó Cróinín cathaoirleach an Chomharchumainn go bhfuil neamhaird iomlán déanta ag Comhairle Condae na Mí ar an bpolasaí atá leagtha síos acu fhéin - go gcaithfear staidéar tionchar teanga a dhéanamh ar aon fhorbairt atá le déanamh i nGaeltacht na Mí.

Beidh cruinniú ag bainisteoir an chomharchumainn leis an Aire Stáit leis an gceist a phlé.