Fógraíodh ar maidin go bhfuair an réalt ceoil tíre, Big Tom McBride bás. Bhí sé 81 bliain d'aois. Ba mhó a cháil mórthimpeall na hÉireann nuair a bhí sé féin agus a bhanna, "The Mainliners" i mbarr a réime le linn ré na seó-bhannaí. 

As Bhaile na Lurgan, Co Mhuineacháin ó dhúchas, tógadh ar fheirm a mhuintire é ach i ndiaidh tamall a chaitheamh ag obair i Sasana agus in Albain chuaigh sé leis an cheol agus bhain cáil mhór amach leis na Mainliners.

Dúirt Daniel O'Donnell le RTÉ ar maidin go raibh aithne agus clú air mar "Rí an Cheoil Tíre" agus gur iomaí ceoltóir óg ar thug sé spreagadh agus comhairle dóibh. 

An  t-amhrán Gentle Mother ar an chlár 'The Showband Show' ar RTE i 1966 a tharaing aird mhór air. I measc na n-amhrán eile a bhain cáil amach dó, bhí Old Log Cabin For Sale, Old Love Letters agus ar ndoigh Four Country Roads - amhrán faoin imirce agus a bhain cáil amach do bhaile beag Gleann an Mhadadh i dtuaisceart na Gaillimhe - agus a chaith seal fada i gcairteanna na hÉireann agus fiú a bhain cairteanna na Breataine amach sna luath 80daí. 

Bhí Big Tom and the Mainliners ar cheann de na bannaí ceoil tíre a ba mhó sna 70óidí agus sna hochtóidí - agus amhráin mar Four Country Roads agus Back to Castleblayney ag líonadh hallaí ó Ghaltymore, Londain go Gort a Choirce i dTír Chonaill. Sheinn sé sa Galtymore ar an oíche scoir don áit sa bhliain 2008. 

Bhí aithne mhaith air ón dteilifís freisin agus ba mhinic é ag canadh ar chlárach ar RTÉ agus TG4, cláracha a leithéidí Glór Tíre, Ardán agus Ceol Tíre. I 1980 bronnadh gradam an Gold Award air as níos mó ná milliún ceirnín a dhíol.

Dé hAoine a chuirfear Big Tom ina bhaile dúchais Eoraim i gCo Mhuineachán ceithre mhí i ndiaidh bhás a mhná céile Rose. I líonta Dé go gcastar ar a chéile iad.