Tá ‘MiContact’ -aip nua cruthaithe ag Ciara-Beth Ní Ghríofa, bean óg as oirthear na Gaillimhe a bhfuil uathachas uirthi chun cuidiú le daoine óga eile le huathachas dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhíonn acu teagmhail súil a dhéanamh le daoine eile.

Tá aitheantas tugtha ag Fóram Óige UNESCO don obair atá ar bun ag Ciara-Beth Ní Ghríofa.

Insíodh dí go raibh uathachas uirthi nuair a bhí sí ceithre bliana déag d’aois. Cuireann uathachas isteach ar dhuine as gach céad sa tír. 

Deir Ciara-Beth go gciallaíonn uathachas dí go mbíonn ar dhaoine a bhfuil sé orthu rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil ó am go ham.

"Léigh mé staitistic gur dúirt 68% d’fhostóirí gur botún atá ann mura ndéantar teagmháil súil le linn agallaimh. Sin deacracht mhór a bhíonn ag daoine le huathachas. Dúirt duine liom go bhfuil 90% de dhaoine le huathachas dífhostaithe in Éirinn. Tá mé ag iarraidh an staitistic sin a athrú."

I gColáiste na hEachréidh, tá teicneolaíocht á úsáid acu chun teacht timpeall ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine le huathachas ina gcuid staidéar.

Tá súil ag Ciara-Beth Ní Ghríofa a haip ‘MiContact’ a chur ar an margadh go luath an bhliain seo chugainn.