Gearradh fíneáil de £86,000 (€99,641) ar an láithreoir teilifíse Ant McPartlin inniu, de bharr é a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil. 

Sa gCúirt Dúiche i Wimbledon, phléadáil McPartlin ciontach sna cúiseanna a cuireadh ina leith agus tá cosc tiomána curtha freisin air ar feadh 20mí. 

Ant McPartlin ar a bhealach isteach go Cúirt Dúiche Wimbledon ar maidin


D'admhaigh sé sa gcúirt inniu go raibh dhá oiread an líon alcóil tógtha aige ná mar atá ceadaithe de réir dlí, nuair a bhuail a charr faoi dhá charr eile i Londain an mhí seo caite. 

Oibríonn Ant Mc Partlin, 42, mar láithreoir ar na cláracha 'Britain's Got Talent' agus 'Saturday Night Takeaway'.