Tá imní á leiriú i gcontae Luimnigh go bhféadfadh postanna a bheith i mbaol de thoradh smachbhannaí eacnamaíochta atá curtha i bhfeidhim ag na stáit aontaithe ar chomhlachtaí agus lucht gnó ón Rúis.

In iarthar Chontae Luimnigh tá nach mór cúig chéad duine fostaithe ag comhlacht Rúiseach atá buillte ag na smachtbhannaí.  I 2007 cheannaigh an comhlacht Ruiseach UC Rusal Aughinish Alumina.

Táirgíotar ábhar chun alúmanam a dhéanamh anseo agus tá UC Rusal ar an dara chomhlacht is mó ar domhan a thairgíonn alúmanam. Tá suas le 450 duine fostaithe anseo sa chomhlacht in Each Inis agus go leor eile ag soláthair idir bia agus seirbhísí don láthair. 

Ach le deanaí tá smachtbhannaí eacnamaíochta fógairte ag na Stáit Aontaithe ar chomhlachtaí agus lucht gnó ón Rúis. Deir na Stáit Aontaithe gur de bharr gníomhaíochtaí urchóideacha a bheith ar bun ins na stáit aontaithe ba bhun lena smachtbhannaí. 

Tá an fear gnó gur leis Rusal, Oleg Deripaska ainmnithe ar an liosta, rud a fhágann nach féidir le comhlachtaí eile meiricéanacha aon ghnó a dhéanamh lena ghnó san. 

Tá an gníomh geopholatíochta seo idir an Rúis agus na stáít aontaithe ag cothú imní anois fén dtionchar a d'fhéadfadh a bheith ar na postanna anseo.

Dúirt an Comhairleoir contae áitiúil anseo, Emmet O'Brien, go bhfuil an-imní faoi na postanna fhéin anseo ach go bhfuil na céadtha eile ag brath ar an gcomhlacht do sheirbhisí difriúla. 

Dúirt an tUdarás Forbartha Tionscail go raibh ionadaithe dá gcuid i mbun cainteanna leis an gcomlacht anseo faoi na dúshláin nua atá rompu anois.