Thug an t-Aire Tithíochta Eoghan Murphy agus Ceannaire Fhianna Fáil Mícheál Martin fianaise ag an mBinse um Nochtuithe inniú.

Ina chuid fianaise, thacaigh Micheál Martin le leagan scéil a bhí ag John McGuinnes TD faoin gcruinniú a bhí aige sin le h-iar-Choimisinéir ar na Gardaí, Martin Callinan i gcarrchlós óstáin i 2014. 

Thug iar-cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Pat Rabbitte fianaise chomh maith le hiar-Ard Rúnaí na Roinne Dlí is Cirt, Brian Purcell agus an Ceannfort Frank Walsh iar-rúnaí príobháideach do Choimisinéir Gárdaí na linne, Martin Callinan fianaise freisin.

Tá an Binse ag fiosrú an raibh feachtas ar bun ag Gardaí sinsearacha le dochar a dhéanamh do chliú an tSáirsint Maurice McCabe.