Níl aon airgead díolta amach mar chuid de scéim a d'fhógair an rialtas i Mí na Samhna na bliana 2015 le tithe ar phraghas réasúnta a thógaint. 

Faoin scéím seo, bheadh cead ag tógálaithe agus forbróirí cúitreamh a fháil ar tháillí forbartha sa chás is go mbeadh leathchéad tigh no árásán á dtógaint acu agus iad ar diol ar níos lú na €300,000 i mBleá Claith agus €250,000 i gCorcaigh. 

Deir an Roinn Tithíochta ná fuil aon íocaíocht déanta ach go bhfuil iarratas déanta i leith 326 tigh nó árásán.