Tá forbairtí móra ar chúrsaí iascaireachta le cúpla bliain agus margaidh úra le tamall sa tSín do chrúbóga, a dúirt John O'Brien as Inis Bó Finne.

Tá trí oiread airgid le fáil ar chrúbóga faoi láthair agus €4,500 an tonna a fháil ag iascairí ar chrúbóga i láthair na huaire, a dúirt sé.

Tá brú mór ar stoc na ngliomach faoi láthair, a dúirt sé, agus ghlacfadh iascaireacht de chineál eile a bheith ar bun le brú a bhaint de stoc na ngliomaigh, dár le John O'Brien.

Deir sé go bhfuil na h-oll-thrálaeir iascaireachta as an Íseal Tír, an Spáinn agus ón Fhrainc le feiceáil de shíor amach ó chósta Dhún na nGall.

Cháin sé Bord Iascaigh Mhara as an easpa suime, a deir sé,  atá acu forbairt a dhéanamh ar an tionscal.