Deir Dónal Ó Conghaile Cathaoirleach Choiste Dhún Garbhán le Gaolainn, go bhfuil sé ana thábhachtach go mbeadh Dún Garbhán ábalta freastal ar Phobal Ghaeltacht na nDéise ina dteanga dúchais, mar gur ann a dheineann siad a ngnó go léir.

Cé go bhfuil daoine le Gaolainn fostaithe i ngnóanna, agus úinéiri gnó ar an mbaile go bhfuil fáilte acu roimpe, dar le Dónal ná fuil san soiléir, mar ná fuil go leor fógraíochta déanta, a chuireadh an méid san in iúil.

Deir sé in agallamh d'Ádhmhaidin, gur b'é an dualgas is mó atá ar an gCoiste go ceann bliana, ná plean teanga a chur le chéile don mbaile, a hainmníodh anuraidh mar bhaile seirbhise Gaeltachta.

Tá iarratas curtha faoi bhráid Údarás na Gaeltachta acu ar mhaithe le maoiniú a fháil, le duine a fhostú chun san a dhéanamh, agus chun an plean a chuir i bhfeidhm amach anseo.