Tá Comharchumann Oileán Thoraigh le staidéar féidearthachta á dhéanamh maidir le togra turasóireachta a fhorbairt ag teach solais an oileáin.  

Tá pleananna caomhnú a dhéanamh ar an teach solais agus na háiseanna a bhaineann leis, agus an áit a fhorbairt mar láthair turasóireachta.  

Dúirt bainisteoir Chomharchumann Thoraigh, Marjorie Uí Chearrbhaill, go bhfuil turas a eagrú ag toscaireacht ón oileán go Teach Solais Fhánada agus tithe solais eile, le cuidiú leo pleananna a chur le chéile do thogra Thoraigh.  

Measann sí go mbeidh an staidéar féidearthachta déanta roimh dheireadh mí Mheitheamh.  Tá €8,000 ceadaithe ag an Chomhairle Contae agus €12,000 ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta don staidéar féidearthachta.  

Bhí cruinniú ag Comharchumann Thoraigh le coimisiún na dtithe solais, ar leo an teach solais, agus tá a mbeannacht tugtha acu don togra seo.