Cuirfear isteach go mór ar sheirbhísí sláinte san iarthuaisceart má chuirtear deireadh leis an Treoir Sláinte Eorpach le himeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, a deir an Dochtúir Teaghlaigh, Éamonn Mac Giolla Chomhaill.  

Deir sé go bhfuil go leor othar as an iar thuaisceart a gcur chuig otharlanna sna Sé Chontae faoin chomhaontú seo, le comhar leighis agus obráidí a fháil ansin, ach go bhfuil seans go mbeidh deireadh leis an chomhaontú sin le himeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.  

Beidh Dún na nGall buailte go holc má tharlaíonn sin, a dúirt sé, de bharr na liostaí feithimh a bheith chomh fada in Otharlann Leitir Ceanainn agus de bharr go dtéann go leor ón chontae go otharlanna na Sé Chontae cheana féin, faoin scéim seo.  

Cuirfear go mór le liostaí feithimh in Otharlann Leitir Ceanainn, muna mbeidh deis ag othair as an chontae dul trasna na teorann d'obráidí agus a mhacasamhail feasta, a dúirt an Dochtúir Mac Giolla Chomhaill.