Tá corp tugtha i dtír ag an nGarda Cósta a bhí ag cuardach do shnámhaí fir a d'imigh ar iarraidh tráthnóna inné i mBóthar na Trá, Gaillimh.

Tuigtear gur thug baill criú ar bord an héileacaptair Garda Cósta R115 an corp faoi ndeara thart fá 100m amach ó ardán tumadóireachta na Carraige Duibhe i mBóthar na Trá ag 10.15. 

Thug bád tarrthála an corp i dtír agus táthar ag fanacht lena aithint go hoifigiúil. 

Cuireadh tús leis an gcuardach i nGaillimh ar maidin d'fhear, 40 bliain d'aois a chuaigh ag snámh sa bhfarraige in aice le Bóthar na Trá i nGaillimh inné.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ag 16.50 inné nuair nár tháinig an snámhaí, ar fear áitiúil é i dtír. 

Tuairiscítear go raibh an fharraige ciúin, socair ag an am.

Bhí heileacaptar R115 de chuid an Gharda Cósta, na seirbhísí éigeandála agus grúpaí áitiúla ag cuardach an cheantair nó gur thit dhorchdas na hoíche aréir.