I gcúirt Chorónach Bhéal Feirste fuair giúire neamhchiontach na himreoirí rugbaí Paddy Jackson agus Stuart Olding agus a gcairde Blane McIlroy agus Rory Harrison. Bhí Paddy Jackson agus Stuart Olding cúisithe as bean a éigniú i dteach Paddy Jackson i Meitheamh 2016.

Paddy Jackson ag caint leis na meáin i ndiaidh trialach a thosaigh 59 lá ó shin. I ndiaidh buíochas a ghabháil leis an breitheamh, a theaghlach agus a fhoireann dlí, dúirt sé nach mbeadh sé ag rá aon rud eile amach as meas dá fhostóirí.

Cháin a dhlíodóir Joe McVeigh fiosrúchán na bpóiliní agus chain na rudaí samhnasacha a dúirt sé a bhí ar na meáin shóisialta faoina chliant. Ag léamh ráitis ar son Stuart Olding dúírt a dhlíodóir Paul Dougan go ngabhann sé leithscéal leis an bhean faoi cad a shíl sise a tharla an oíche úd.

Dúrit sé go raibh brón air faoin ghoilliúint a d’fhulaing an bhean agus nach sin a bhí i gceist aige. Níor labhair an bheirt eile a fuarthas neamhchiontach inniu leis na meáin.

3 huaire agus daichead sa cúig bomaite ar fad a bhí an giúire i mbun breithne inné agus inniu. Go díreach roimh leath i ndiaidh a dó dhéag inniu, thug an giúire le fios go raibh siad uilig ar aon ghuth faoina gcinneadh.

Fuair siad Paddy Jackson 26 neamhchiontach as éigniú agus ionsaí gnéis a dhéánamh ar bhean i meitheamh 2016.

Fuair siad Stuart Olding25  neamhchiontach as an bhean chéanna a éigniú. Fuair an giúire d’ochtar fear agus triúr ban Blane McIlroy 26 neamhchiontach as nochtadh agus Rory Harrison 25 neamhchiontach as cúrsa na córa a shaobh agus eolas a choinneáilt siar. 

Ag preasócáid tráthnóna ghabh Seirbhís na n-ionchúiseamh poiblí  buíochas leis an ghiúire agus dúirt go nglacann siad lena mbreithiúnas. Mhol siad crógacht na mná a rinne na líomhaintí seo agus a tuismitheoirí le linn an cháis seo ar fad. 

Ag gabháil buíochais leis an ghiúire dúirt an Breitheamh Patricia Smyth gur seo an triail ba dheacra a bhí ag giúire ar bith riamh i dTuaisceart Éireann agus dúirt sí nach mbeadh orthu suí ar ghiúire a choíche aríst.