Tá diúltaithe ag Cúirt Chearta Daonna na hEorpa do chás faoi mar ar caitheadh le 14 fear ar déanadh imtheorannú orthu i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1971 agus ar líomhnaíodh gurbh ionann agus céasadh mar ar caitheadh leo.

Tá a ndíomá leis an gcinneadh curtha in iúl ag ionadaí dlí na bhfear, agus tá iarrtha acu ar an Rialtas dúshlán chinneadh an lae inniu a thabhairt. D'iarr Rialtas na hÉireann i 2014 go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcás, de bhun #The Torture Files', clár de chuid aonad imscrúdaithe RTÉ a craoladh an bhliain chéanna. 

Gabhadh agus imtheorannaíodh an 14 fear, Caitilicigh iad uile, coinníodh iad gan choinne agus gan triail.

Cuireadh faoi raon modhanna diancheistiúcháin iad, modhanna céasta ina measc. 

I measc na modhanna seo, cuireadh púicíní orthu, cuireadh faoi strus iad, baineadh úsáid as torann bán, ceilleadh coladh, beatha agus uisce orthu agus tugadh bataráil dóibh faoi bhagairt bháis. 

Tógadh i héileacaptar iad go láthair faoi rún, aitheanta anois mar champa airm na Breataine Bhaile Uí Cheallaigh lasmuigh de Chathair Dhoire, cuireadh púicíní orthu agus crochadh amach as an ingearán iad - á rá leo go rabhadar ard sa spéir nuair go rabhadar, i bhfírinne gar don talamh. 

Níor cuireadh an dlí ar dhuine ar bith de bharr na n-uafás a d'fhulaing siad. 

Ghlac rialtas na hÉireann a gcéad chás cearta daonna in aghaidh na Breataine ar cheist an chiaptha seo i 1971. Chinn Coimisiún na hEorpa gur ciapadh na fir agus sa bhliain 1978 fuair, bíodh is gur caitheadh go cruálach leo agus gur baineadh mí-úsáid as na fir, narbh ionann augs céasadh ar fhulaing siad. 

Liam Shannon, duine den 14 a líomhnaigh gur céasadh iad - seo é ag labhairt leis na meáin i ndiaidh craoladh Primetime Investigates ar RTÉ i 2014


Sa Chúirt ar maidin, dúradh nár chruthaigh Rialtas na hÉireann go raibh aon fhianaise ann, a bhí i ngan fhios don Chúirt i 1978 faoin gcur chuige a bhí ag arm na Breataine nó fianaise ag a mbeadh tionchar chinniúnach ar bhreith na bliana sin. Ina uireasa, chinn an Chúirt nach raibh aon chúis cinneadh 1978 a athrú.

Dúirt Stiúrthóir Amnesty International, Colm O'Gorman le RTÉ ar maidin gur ceist cearta, fírinne agus cúitimh í cás na bhfear seo - fir a d'fhulaing mí-úsáid ar a gcearta daonna faoi lámh rialtas na Breataine.