Tá beirt fhear gafa ag na Gardaí i Loch Garman mar chuid dá bhfiosrúchán faoi ghníomhaíochtaí bhuíon coirpeach Kinahan.
Fuair na Gardaí gunnaí agus armlón freisin agus tá siad den bharúil go raibh an bheirt fhear ar a mbealach le duine de lucht Hutch atá ina chónaí i gceantar Ghuaire a chaitheamh.
Gabhadh na fir, atá 27 bliain agus 25 bliain d'aois, gar do Ghuaire ag 1 a chlog ar maidin. Tuigtear gurb as tuaisceart lár chathair Bhaile Átha Cliath iad.
Gabhadh duine acu tar éis do na Gardaí é a leanacht trasna roinnt páirceanna agus fuarthas an fear eile i bhfolach i ngluaisteán.