Níor éirigh leis an achomharc a rinne Ian Bailey maidir le cás a bhain le comhcheilg a deir seisean a bhí ar bun ag na Gardaí ina choinne.  

Níor ghlac an giúire leis an líomhain a rinne Ian Bailey go raibh comhcheilg ar bun ag Gardaí i dtaca le dúnbhású Sophie Toscan Du Plantier sa Scoil in iarthar Chorcaí i mí na Nollag 1996. 

Ní bheidh cead ag Ian Bailey triail nua ina chás a lorg de bharr chInneadh na cúirte inniu.