Tá ómós léirithe go forleathan don eolaí mór le rá Stephen Hawking a bhásaigh ina theach cónaithe i Cambridge i Sasana go moch ar maidin. Bhí sé 76 bliain d'aois.

Fisiceoir teoiriciúil agus cosmeolaí a bhí ann. Bhain sé cáil amach ar fud an domhain leis an leabhar A Brief History of Time a scríobh sé i 1988. Díoladh os cionn 10 milliún cóip den leabhar.

Fuair sé an galar néarón luadrach sa bhliain 1963 nuair a bhí sé ina mhac léinn agus ceapadh ag an am nach mairfeadh sé níos mó ná dhá bhliain.

Dúirt an Dr Cormac Ó Raifeartaigh, léachtóir i bhfisic in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, gur ceannródaí i gceann de na réimsí eolaíochta is deacra ab ea Stephen Hawking.