Dúirt cathaoirleach Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta Catherine Connolly go bhfuil sí féin den bharúil go bhfuil RTÉ ag déanamh ciorruithe in aon turas ar sheirbhísí Gaeilge le haird na bpolaiteoirí a tharraingt ar chúrsaí maoinithe.

Dar léi go bhfuil RTÉ ag iarraidh cur i gcion ar an Rialtas gur mar seo a bheas cúrsaí feasta mura bhfaighidh an eagraíocht breis airgid.

Ag labhairt di ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, mhaígh Catherine Connolly go bhfuiltear ag baint mí-úsáide as an nGaeilge le dul i gcion ar na polaiteoirí agus ar an Rialtas agus go ngoilleann sé sin uirthi.

Dúirt sí gur cuid lárnach de shaol na Gaeilge é RTÉ agus go bhfuil freagrachtaí tromchúiseacha ar an eagraíocht faoi reachtaíocht agus faoin Strátéis 20 Bliain don Ghaeilge ach go bhfuil sí den bharúil nach dtuigeann RTÉ é sin i ndáirire.

Dúirt Catherine Connolly freisin gur droch-chinneadh amach agus amach go bhfuil ciorrú le déanamh ar an gclár Nuacht a hAon ar RnaG. 

Tuilleadh faoin scéal seo