Tá an Teachta Dála i nGaillimh Thiar Catherine Connolly ag iarraidh ar an Aire Sláinte Simon Harris míniú a thabhairt ar na ciorruithe atá déanta ar sheirbhísí do dhaoine aosta in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Tá a míshástacht léirithe ag Catherine Connolly go bhfuil leapacha folmha in Áras Mhic Dara cé nach bhfuil fáil ar oiread agus leaba amháin in Ospidéal na hOllscoile i Gaillimh. Trí leaba dhéag atá folamh in Áras Mhic Dara, a deir sí.

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil ag teip orthu na poist atá san áras a líonadh ach ní raibh siad in ann a dheimhniú don Teachta Dála inné cén áit go díreach ar fógraíodh iad.

Dúirt an Teachta Connolly ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu freisin gur thug an grúpa ospidéal Saolta le fios di go mbeidh an t-ionad lae in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua dúnta go dtí mí Aibreáin. 

B'éigean an t-ionad lae a dhúnadh ansin go sealadach ceal foirne, a dúirt siad.