Bhí slua mór i láthair ag bigil ar an Eachléim in iarthuaisceart Mhaigh Eo go moch ar maidin i gcuimhne na ndaoine a bhásaigh sa timpiste héileacaptair ansin bliain agus an lá inniu.

Ag 12.45 ar maidin, an t-am a tharla an timpiste, a bhí an bhigil ar siúl.

Cailleadh an ceathrar criú a bhí ar bord héileacaptar tarrthála 116 an Gharda Cósta nuair a chuaigh sí i bhfarraige siar ó Charraig an Toir. B'in iad Dara Fitzpatrick, Mark Duffy, Paul Ormsby agus Ciarán Smith.

Bhí gaolta an cheathrair chomh maith le hionadaí ó na heagraíochtaí éagsúla a ghlac páirt sa chuardach i láthair ag an ócáid ar maidin.

Bhí searmanas eile ansin inniu nuair a tugadh muintir na ndaoine a bhásaigh amach ar long chabhlaigh le bláthfhleasc a chur i bhfarraige.