Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go ndéanfaidh Rialtais na hÉireann agus na Breataine chomh maith le páirtithe an Tuaiscirt a dhá oiread iarrachtaí as seo go ceann roinnt seachtainí feidhmeannas Stormont a bhunú arís.

Ag labhairt dó i Washington aréir, dúirt an Taoiseach go mb'fhéidir go gcaithfeadh an dá rialtas a gcuid moltaí féin a dhéanamh le deireadh a chur leis an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh.

Dúirt sé freisin nach mbeadh aon chall imní ar aontachtaithe mar go mbeadh na moltaí sin reasúnach agus nach mbeadh aon uisce faoi thalamh i gceist.