Tá leithscéal gan chuntar gafa ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le muintir cailín dhá bhliain d'aois as Luimneach a fuair bás mar nár thug lucht leighis fabht ina croí faoi deara. 

Bhásaigh Aimee Keogh ag Ospidéal Ollscoile Luimnigh ar 10 Iúil 2014 agus í le tabhairt go hOspidéal Mhuire na Leanaí i gCromghlinn mar a raibh obráid croí le cur uirthi. 

Dúradh i gCúirt Chuarda Luimnigh inniu gur bhásaigh Aimee mar gheall ar fhaillí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúradh go raibh fabht sa chroí uirthi ó bhroinn agus nach ndearna an fhoireann leighis in Ospidéal Ollscoile Luimnigh an diagnóis cheart air. 

Dúradh go raibh dhá deis acu an fabht a aithint - bliain sular bhásaigh Aimee agus arís eile ceithre mhí sular bhásaigh sí. 

Cheadaigh an chúirt íocaíocht sóláis de €35,000 dá muintir.