Tá beirt fhear sna caogaidí gafa ag póilíní sa Tuaisceart agus iad ag fiosrú líomhaintí faoi ionsaithe gnéis ar pháistí i gCo an Dúin san am a caitheadh.

I gceantar Bhéal Feirste a tógadh an bheirt ar maidin. 55 bliain d'aois atá duine acu agus 53 bliain atá an fear eile.

Tá siad á gceistiú i stáisiún póilíní Aontroma.