Dúirt Stiúrthóir Náisiúnta Bhainistíocht na nAonad Éigeandála i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Damien McCallion go bhfuil súil aige go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí sna hospidéil an tseachtain seo ach go mbeidh brú fos ar sheirbhísí.

Bhí líon na ndaoine ar thralaithe agus ag fanacht le leapacha sna hospidéil ar an méid is mó riamh inné - 714 othar ar fad. 649 atá i gceist inniu.

Dúirt sé gur cheart do dhaoine fanacht glan ar na haonaid éigeandála más féidir in aon chor é agus dul chuig an dochtúir teaghlaigh.