Tabharfaidh an Taoiseach Leo Varadkar óráid i Washington i Stáit Aontaithe Mheiriceá níos deireanaí inniu mar chuid de chomóradh ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta fiche bliain ó shin. 

Beidh an searmanas comórtha ar bun ar Chnoc an Chaipeatóil i Washington agus beidh iarthoscaire speisialta na Stát Aontaithe sa Tuaisceart an Seanadóir George Mitchell i láthair freisin. 

Labhróidh an Taoiseach ar chúrsaí gnóthaí eachtracha agus ar pháirt na hÉireann sa chaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach, chomh maith le Comhaontú Aoine an Chéasta.