Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Rónán Mac Con Iomaire gur mhaith leis an eagraíocht níos mó ábhar Gaeilge a chur ar fáil ach nach dtiocfaidh aon fheabhas ar an scéal mura dtabharfar aghaidh ar chúrsaí maoinithe.  

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, mhaígh sé go bhfuil sé ráite arís agus arís eile le rialtóirí agus leis an Rialtas nach féidir le RTÉ leancht ar aghaidh mar atá leis an maoiniú atá ar fáil faoi lathair. 

Ag tagairt a bhí sé do na ciorruithe atá le déanamh ar sceideal RTÉ Raidíó na Gaeltachta tar éis na Cásca agus a fógraíodh nné. 

Tá na ciorruithe seo á ndéanamh mar gheall ar easpa foirne, a dúradh. 

Dheimhnigh Rónán Mac Con Iomaire chomh maith go mbeidh seachtar ag imeacht ó RnaG faoi shocruithe iomarcaíochta.