Tá scéim scoláireachtaí fógartha ag an Taoiseach a cheadós do dhaoine ón bpobal Choctaw in Oklahoma i Stáit Aontaithe Mheiriceá teacht go hÉirinn le tréimhse a chaitheamh i mbun staidéir.

D'fhógair Leo Varadkar an méid seo ag ócáid in Oklahoma inniu mar ar ghabh sé buíochas leis an bpobal Choctaw faoin gcúnamh a thug siad do mhuintir na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir.

Sa bhliain 1847, bhailigh na Choctaw airgead ina measc féin le cur go hÉirinn ainneoin go raibh siad féin ar an ngannchuid.

Ag tráth a raibh muintir na hÉireann faoi chois, cloíte agus buailte briste ag an máistir coilíneach, a dúirt an Taoiseach, chaith na Choctaw go fial flaithiúil linn.

Cuirfear tús leis an scéim scoláireachtaí i bhFómhar na bliana seo chugainn.