Beidh dúshláin ag Comhairle Contae Dhún na nGall a gcuid dualgas ar fad i leith na Gaeilge a chomhlíonadh, a dúirt Oifigeach Seirbhísí Gaeilge na Comhairle Seán Ó Daimhín.

Dúirt sé mura dtugtar breis tacaíochta don Chomhairle go mbeidh sé deacair orthu an obair a dhéanamh mar is ceart.

Tá níos mó brú anois ar oibrithe sa Chomhairle agus ar fud an Státchórais seirbhísí Gaeilge labhartha agus scríofa a sholáthar, a dúirt Seán Ó Daimhín. 

Dúirt sé gur chóir go dtiocfadh treoir ón Rialtas níos mó daoine a bhfuil Gaeilge acu a fhostú i rannóga éagsúla.

Tá rannóg Gaeilge na Comhairle Contae ag feidhmiú go maith, dar leis, ach cuireann na cáipéisí atá le haistriú agus an gá leis an suíomh idirlín a nuashonrú go rialta brú breise ar na daoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge scríofa acu.

Ba cheart daoine oilte le hardchaighdeán Gaeilge a earcú i ngach rannóg Stáit agus i rannóga éagsúla na Comhairle Contae, dar leis.