Dúirt an t-iar-Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa gur cheart go ndéanfaí fiosrúchán neamhspleách faoi na hionsaithe gnéis ar pháistí a rinne an tAthair Malachy Finnegan a bhásaigh sa bhliain 2002.

Cuireadh ina leith go ndearna sé ionsaithe ar pháistí i séipéal a bhí suite i gColáiste Naomh Colmán san Iúr, Co an Dúin, agus sa choláiste féin mar a raibh sé ina mhúinteoir. 

Ag labhairt di ar raidió RTÉ, dúirt Máire Mhic Giolla Íosa go raibh a deartháir is óige Clem Leneghan ar dhuine den dream a ndearna Malachy Finnegan ionsaí brúidiúil orthu. Bhí a deartháir naoi mbliana d'aois ag an am, a dúirt sí.

Tá gearán déanta ag cúigear a ndearna an tAthair Finnegan ionsaithe gnéis orthu nár fhiosraigh na póilíní líomhaintí a cuireadh ina leith nuair a bhí sé beo.

Tá sé tugtha le fios gur íoc Deoise Dhroim Mhór cúiteamh le duine de na daoine a ndearnadh ionsaí air.