Tá ráiteas eisithe ag Comharchumann Oileán Thoraí inniu maidir leis an aighneas atá ar siúl faoi sheirbhís nua farantóireachta an oileáin.

Deirtear sa ráiteas go bhfuil muinín caillte ag muintir Thoraí sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus dheimhnigh siad arís go bhfuil siad ag diúltú glacadh leis na moltaí a chuir an Roinn os a gcomhair go dtí seo.

Tá an Comharchumann ag iarraidh ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh atá déanta acu.

Tá siad ag iarraidh ar an Roinn síneadh ama a thabhairt don chonradh atá ag Turasmara Teo agus ag an mbád an Tor Mór agus go gcuirfí deireadh leis an gconradh nua atá bronnta ar an Queen of Aran.

Iarradh ag cruinniú poiblí ar an oileán inné nach gcuirfí tús le próiseas nua tairisceana go dtí go ndéanfaí measúnacht ar an gcéad phróiseas a bhí ann.